Irish subtitles for clip: File:Teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig 2021 ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn-VRg-a0qSGa8.webm
Jump to navigation
Jump to search
(Delete this text and the parentheses if you translate these subtitles into other langauge) 1 00:00:02,508 --> 00:00:05,227 [Teachtaireacht ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, (Delete this text and the parentheses if you translate these subtitles into other langauge) 2 00:00:05,257 --> 00:00:06,806 Lá Fhéile l'ádraig 2021] 3 00:00:07,186 --> 00:00:09,767 Lenár ndaoine ag samhlú aiséirí na hÉireann 4 00:00:09,817 --> 00:00:13,263 ó scáth dochrach phaindéim Covid-19, 5 00:00:13,517 --> 00:00:17,235 agus ár ndomhan mar atá sé, ag fulaingt, i gcruachás 6 00:00:17,271 --> 00:00:19,699 de bharr easpa measa ar an gcothromaíocht 7 00:00:19,750 --> 00:00:23,887 idir riachtanais an tsaoil agus cumas athbheochana an phláinéid, 8 00:00:23,936 --> 00:00:27,260 cén teachtaireacht is chuí a sheoladh an bliain seo, 9 00:00:27,310 --> 00:00:30,210 ar Lá le Pádraig 2021? 10 00:00:30,798 --> 00:00:34,309 Cén teachtaireacht is cuí le hÉireannaigh an oileáin, 11 00:00:34,319 --> 00:00:38,635 agus muintir na tíre fud fad na cruinne, iad go léir san áireamh, 12 00:00:38,824 --> 00:00:43,168 Éireannaigh ó dhúchais agus iad siúd atá díreach tagtha chun na tíre, 13 00:00:43,241 --> 00:00:47,793 a roinnt le chéile an bliain seo ar Lá Fhéile ár Naomhphátrúin? 14 00:00:48,712 --> 00:00:52,017 B’fhéidir, agus cúinsí éagsúla ann i mbliana, 15 00:00:52,053 --> 00:00:56,725 gurbh fhearr dúinn an lá a bhunú arís ar scéal Naomh Pádraig. 16 00:00:56,879 --> 00:01:01,186 Scéal cumhachtach, miotasach as a dtagann ár Lá Náisiúnta, 17 00:01:01,230 --> 00:01:05,298 scéal a chuireann muid os comhair an domhain ar fad ar an seachtú lá déag 18 00:01:05,335 --> 00:01:07,436 Márta gach bliain. 19 00:01:08,005 --> 00:01:10,511 Is mar sclábhaí a tháinig Pádraig go hÉirinn, 20 00:01:10,556 --> 00:01:12,871 d’éalaigh sé agus d’fhill sé arís. 21 00:01:13,100 --> 00:01:14,737 Imirceach ab ea é. 22 00:01:14,774 --> 00:01:18,216 Tá sé lonnaithe i mbunchloch ár n-imircigh Éireannacha, 23 00:01:18,817 --> 00:01:20,732 ár dteachtairí manachúla, 24 00:01:20,766 --> 00:01:24,680 i measc eisimirce an naoú haoise déag roimh an nGorta Mór 25 00:01:24,798 --> 00:01:30,325 agus caillteanas ár ndaoine a d’éalaigh ar mhaithe lena slánú i ndiaidh an Ghorta. 26 00:01:30,525 --> 00:01:33,682 Is fiú dúinn a choimead a gcuimhne i gcónaí 27 00:01:33,720 --> 00:01:37,410 gurb’ í ár scéal ná sa bhliain 1901 28 00:01:37,453 --> 00:01:42,925 bhí formhór na nÉireannach a rugadh ar oileán na hÉireann ina gcónaí thar lear. 29 00:01:44,208 --> 00:01:47,520 Lá speisialta is ea Lá Fhéile Pádraig, mar sin, 30 00:01:47,556 --> 00:01:50,640 le cuimhneachán a dhéanamh ar stair ár n-imirceach. 31 00:01:50,854 --> 00:01:55,011 Is deis foghlama í freisin, mar aon le foinse 32 00:01:55,032 --> 00:01:58,578 ár mianta agus polasaithe sa mbaile is i gcéin. 33 00:01:58,899 --> 00:02:02,982 Sna h-áiteanna éagsúla a mbíodh Éireannaigh ag canadh, 34 00:02:03,003 --> 00:02:06,264 in ard a ngutha, ar Lá Fhéile Pádraig tráth, 35 00:02:06,313 --> 00:02:11,535 táthar ag glacadh páirt in a nguthanna, le pobail imirceach ar fud an domhain. 36 00:02:11,814 --> 00:02:17,811 Pobail is ea iad seo a bhfuil na cianta caite acu ag sárú cúinsí reatha. 37 00:02:18,096 --> 00:02:23,208 Dúinne mar Éireannaigh, ba é Naomh Pádraig an teachtaire a thánaig chugainn, 38 00:02:23,241 --> 00:02:27,183 a thug leis tiomna faoin gcumhacht taobh amuigh den duine féin, 39 00:02:27,223 --> 00:02:30,237 spiorad a mhúnlaigh croí na daonnachta. 40 00:02:30,740 --> 00:02:36,160 Imirceach ab ea é, a d’iompair leis teachtaireacht an imircigh bháúil 41 00:02:36,185 --> 00:02:41,102 agus a chruthaigh gurbh fhéidir í a nascadh le foinsí eile an spioraid. 42 00:02:41,272 --> 00:02:47,998 Tá gach cineál éabhlóide agus spioraid taobh amuigh d’anró an duine tábhachtach. 43 00:02:48,479 --> 00:02:52,537 D’aithin ár bPátrún Pádraig an gá speisíalta a bhain 44 00:02:52,572 --> 00:02:57,158 lena theachtaireacht a fhí isteach sa mheas don nádúr, 45 00:02:57,251 --> 00:03:00,779 dá chumas agus gealltanas athbheochana, 46 00:03:00,813 --> 00:03:05,241 tréith chomónta í seo sa spioradáltacht dhúchasach. 47 00:03:05,715 --> 00:03:08,715 Ar Lá Fhéile Pádraig 2021, 48 00:03:08,751 --> 00:03:13,483 meabhraítear dúinn go roinneann muid go léir an bhuairt, an spleáchas 49 00:03:13,516 --> 00:03:16,667 agus an géarghá le tuiscint a fháil, 50 00:03:16,703 --> 00:03:20,270 tuiscint ar féidir léi gach teorainn a shárú. 51 00:03:20,975 --> 00:03:25,442 I gceacht foghlama Covid-19, tá léargas doshéanta le fáil – 52 00:03:25,474 --> 00:03:30,254 ní hamháin go bhfuil orainn go léir, le chéile, teacht trí cheo na paindéime, 53 00:03:30,297 --> 00:03:32,743 ach an mórtas, 54 00:03:32,793 --> 00:03:35,984 sotal agus díomas a bhaineann le smacht, 55 00:03:36,016 --> 00:03:39,058 le cur i bhfeidhm agus le heisiamh a chur dínn. 56 00:03:39,778 --> 00:03:42,481 Straitéisí saoil ab ea iad seo, 57 00:03:42,523 --> 00:03:47,302 a d’fhág a lorg i bhfoirm easpa daonnachta agus domhan i mbaol. 58 00:03:47,717 --> 00:03:50,260 Tá an deis againn anois le bliain anuas, 59 00:03:50,311 --> 00:03:53,758 iniúchadh a dhéanamh ar na fuíntaisí tuairimí sin 60 00:03:53,804 --> 00:03:57,293 a chuir an dallamullóg orainn maidir le cé muid féin. 61 00:03:57,543 --> 00:04:02,536 Tá go leor le caitheamh uainn, agus b’fhiú dúinn seo a dhéanamh gan mhoill. 62 00:04:02,712 --> 00:04:07,662 Mar shampla, is cinnte nach bhfuil cogadh de dhíth le teacht ar shíocháin; 63 00:04:07,700 --> 00:04:10,179 mar sin nuair a thagtar ar leigheas, 64 00:04:10,228 --> 00:04:13,731 éacht eolaíochta a dhéanann galar a sheachaint nó a réiteach, 65 00:04:13,771 --> 00:04:15,994 ba chóir dúinn an éacht seo a roinnt, 66 00:04:16,041 --> 00:04:19,150 in ionad é a choimeád dúinn féin le hairgead a thuilleamh 67 00:04:19,187 --> 00:04:21,490 i gcomórtas trádála mí-chothrom. 68 00:04:21,744 --> 00:04:26,971 Beidh spás don áthas nuair a éalóidh muid ó Covid-19, 69 00:04:27,011 --> 00:04:31,388 ach beidh an t-áthas seo á stiúradh ag ár luachanna úra, 70 00:04:31,440 --> 00:04:33,531 a ndéanfaidh muid cleachtadh orthu 71 00:04:33,565 --> 00:04:37,727 agus muid ag tabhairt faoinár dturas nua le chéile. 72 00:04:38,030 --> 00:04:41,017 Agus muid ag teacht amach ó scáth Covid-19, 73 00:04:41,062 --> 00:04:46,841 b’fhiú dúinn eolas a scaipeadh ar bhonn domhanda le turas comhroinnte a thógáil. 74 00:04:47,120 --> 00:04:50,113 Tá muinín san fhocal scríofa ag dul i léig. 75 00:04:50,397 --> 00:04:53,552 Ní mór dúinn an muinín sin a athbhunú. 76 00:04:54,189 --> 00:04:57,147 I mbliana, is cinnte go mbeidh achrann ann. 77 00:04:57,310 --> 00:05:00,496 Cé go mbeidh cuimhní ann de thurais ón am atá caite, 78 00:05:00,526 --> 00:05:02,645 beidh díomá ann freisin 79 00:05:02,678 --> 00:05:05,784 go mbeidh gá le turais eile a chur ar athlá. 80 00:05:06,200 --> 00:05:11,681 Déanaimis comhbhrón leis na daoine sin gur bocht an t-ionadaí í an teicneolaíocht 81 00:05:11,732 --> 00:05:15,370 ar an gcaidreamh agus teagmháil sa bhfíorshaol. 82 00:05:15,725 --> 00:05:21,660 Ar bhealach úrnua i mbliana a stiúrfar an t-aitheantas tábhacht seo dár bPátrún, 83 00:05:21,697 --> 00:05:24,199 tobar an dóchais dúinn ar fad. 84 00:05:24,280 --> 00:05:28,206 Is féidir linn foghlaim uaidh mar a dhéanann muid i gcónaí, 85 00:05:28,255 --> 00:05:30,297 agus sna blianta amach romhainn nuair 86 00:05:30,345 --> 00:05:33,983 a bhaileoidh muid le chéile ag na mórshiúlta arís, 87 00:05:34,002 --> 00:05:37,764 ní bheidh muid ite ag an tomhaltas. 88 00:05:38,052 --> 00:05:40,740 Cuimhneoidh muid siar ar Lá Fhéile Pádraig fiche 89 00:05:40,791 --> 00:05:44,805 is fiche sé haon agus an tús a chuir muid leis an turas nua. 90 00:05:44,899 --> 00:05:49,872 Is turas é seo a bhfuil fonn orainn a roinnt leis an domhan mór 91 00:05:49,905 --> 00:05:51,942 agus a mhuintir go léir, 92 00:05:51,975 --> 00:05:55,666 ceann a chabhróidh linn athnuachan a dhéanamh 93 00:05:55,716 --> 00:06:01,073 ar an meas don Mháthair-Chruinne, a bhfuil baint againn uilig léi. 94 00:06:01,456 --> 00:06:06,355 D’fhág ár Naoimh Pádraig agus Bríd léargais agus críonnacht sheasmhach dúinn 95 00:06:06,383 --> 00:06:08,248 ar thábhacht an nádúir. 96 00:06:08,505 --> 00:06:09,813 Amach anseo, 97 00:06:09,847 --> 00:06:13,944 nuair a chuimhneoidh muid siar ar Lá Fhéile Pádraig fiche fiche haon, 98 00:06:14,012 --> 00:06:18,718 go bhfillimid air le fuinneamh agus fonn, agus muid ag déanamh iarrachta an saol 99 00:06:18,751 --> 00:06:23,741 a chur ina cheart arís, go mall agus go cúramach. 100 00:06:23,781 --> 00:06:28,735 Ba iad an ceol agus an chruthaitheacht ár n-acmhainn le linn na paindéime, 101 00:06:28,933 --> 00:06:33,805 agus casann muid ar cheol an chroí nuair nach féidir linn teacht ar na focail – 102 00:06:33,854 --> 00:06:37,658 foirmeacha éagsúla athbheochana, féidearthachtaí cleachta, 103 00:06:37,676 --> 00:06:40,830 aistir iontais agus triail go háiteanna nua. 104 00:06:41,351 --> 00:06:45,259 “Déanaimid dearbhú, Údar dóchais i ndán dúinn. 105 00:06:45,310 --> 00:06:50,230 Seasaimid amach ón ndorchadas, Isteach go fáinne an lae nua”. 106 00:06:50,852 --> 00:06:52,736 Ar son mhuintir na hÉireann, 107 00:06:52,780 --> 00:06:56,208 ba mhaith liom muintearas a dhéanamh leo siúd ar Éireannaigh iad, 108 00:06:56,244 --> 00:07:00,228 bíodh sin ó dhúchas, le hoidhreacht nó trí chaidreamh, 109 00:07:00,295 --> 00:07:04,778 agus iad siúd freisin a chabhraigh lenár nÉireannaigh an bhliain seo go háirithe. 110 00:07:04,994 --> 00:07:09,194 Guím Lá Fhéile Pádraig sona agus síochánta daoibh go léir, 111 00:07:09,232 --> 00:07:13,032 agus dóibh siúd ar chuid lárnach de chlann na hÉireann iad, 112 00:07:13,069 --> 00:07:17,297 mar aon lena cairde agus clanna ar fud an domhain. 113 00:07:17,340 --> 00:07:18,498 Beir beannacht.